S.A.S. – Siúl ar Scoil

Maidin Déardaoin a bhí eagraithe ag an Coiste Glas do daltaí na scoile siúl ar scoil mar chuid den obair atá á dhéanamh againn don bhrat ghlas ar Taisteal.

Bhailigh na daltaí le chéile i dhá ionad – in aice le séipéal an S.M.A. agus ar an bhfaiche in aice An Naíonra taobh le Teach Pháirc Wilton.  Bhí idir daltaí, tuismitheoirí agus madraí ag siúl.

Shiúil gach duine le chéile chomh fada leis an scoil agus bhí an aimsir díreach i gceart dó. Tháinig Lisa Ní Ghráda ó Green Schools Ireland le “banner” (fógra) mór don gheata agus greamaitheoirí do gach  duine.

Labhair sí leis na daltaí nuair a shroicheadar an scoil agus fógraíodh go mbeadh obair bhaile saor toisc an iarracht a bhí déanta ag gach duine.

SAS 1 SAS 3 Bealtaine 2b 006 SAS 4 SAS 5WOW 5 WOW 4 WOW 3 WOW 2