“Tá Tír na nÓg ar chúl an tí,
Tír álainn trína chéile,
Lucht ceithre chos ag siúl na slí,
Gan bróga orthu ná léine,
Gan Béarla acu ná Gaeilge.”

I mí an Mheithimh 2022 bhí lá stairiúil againn i nGaelscoil Uí Riada nuair a osclaíodh “Tír na nÓg” ar “Chúl an Tí”. Amuigh i dTír na nÓg tá leabharlann agus dhá bhínse picnice nua – áit inar féidir leis na páistí scíth a ligint agus leabhar ón leabharlann a léamh. Is tearmann álainn é agus áit aoibhinn chun sos a ghlacadh le leabhar deas i do ghlaic agat!