
Craobh Leadóige Bunscol na Mumhan 2016
Comhghairdeas le foireann leadóige na mbuachaillí ata anois mar churaithe na Mumhan tar éis buachaint iontach sa chraobhchluiche i gComórtas Leadóige Bunscol na Mumhan i gcoinne Scoil Rinn an Chabhlaigh ar an 30ú Bealtaine. ‘siad baill na foirne ná Aidan de Barra (c), Seosaimh de Baróid, Seán Ó Coileáin agus James Wixted.
Ní raibh aon chluiche acu sa chéad babtha agus ansin d’imigh siad go dtí an Trá Mhór, áit a raibh cluiche cruaidh acu i gcoinne Scoil Eoin Aspal.
Sa leathchraobh ansin, bhí siad sa bhaile i gcoinne Baile an Teampaill agus bhuadar é sin.
Bhí an ghrian ag taitneamh agus bhí sé an-te do na h imreoirí ar fad. D’éirigh le foireann na scoile trí chluiche as ceithre chluiche a bhuachaint agus sa deireadh ghlac an captaen, Aidan de Barra leis an gcorn ar son foireann Ghaelscoil Uí Riada.
Maith sibh , a bhuachaillí. Tá éacht déanta agaibh!


