Feis Maitiú 2015
Rinne daltaí Ghaelscoil Uí Riada éacht ar fad i gComórtais i bhFeis Maitiú i mbliana. Bhí an dá Rang 5 – Rang Iníon Ní Ríordáin ar dtús agus ansin Rang Iníon Ní Shúilleabháin ar an ardán – agus tháinig an dá rang ar ais chun na scoile le corn tar éis a gcomórtais a bhuachaint!
Seachtain ina dhiaidh sin bhí Ranganna a 3 le chéile ar an ardán – agus tháinig siad sa chéad áit chomh maith!
A leithéid de bhliain – 3 grúpa páirteach agus trí ghrúpa sa chéad áit agus trí chorn ag teacht chun na scoile!!
Buíochas le gach duine a bhí páirteach san ullmhúcháin agus an obair iontach. Nár laga Dia sibh!
