“Cúl anTí” – Oscailt Oifigiúil

Bhí lá an-speisialta againn i nGaelscoil Uí Riada ar an Máirt, 7ú Meitheamh 2016, nuair a bhí an oscailt oifigiúil dár spás súgartha nua  –  “Cúl an Tí“.     Bhí daltaí na scoile ar fad ann agus bhí an dán foghlamtha agus cleachtaithe acu don ócáid.

Chuireamar fáilte roimh daoine ó Chiste Dhún Laoi, daoine ó Ollscoil Chorcaí, Bord Bainistíochta agus tuismitheoirí agus tháinig cara na scoile, An tAthair Cormac Breathnach chomh maith.

Bhí an t-ádh linn go raibh an ghrian ag taitneamh agus “Cúl an Tí” ag féachaint go hálainn ar fad.

Labhair an príomhoide faoin obair ar fad chun an spás súgartha a dhéanamh agus bhí bronnadh le déanamh ansin.  Ghabh sé buíochas le gach duine a chabhraigh leis an scoil agus leis na tuismitheoirí ar fad.

Faoi dheireadh gearradh an ribín agus rinne gach éinne an dán .       Ansin rinne an tAthair Cormac an  beannú agus bhí gach duine sona sásta.

Maidin iontach speisialta a bhí ann, cinnte!