Scéalta Brónacha ón bhFarraige

Scéalta Brónacha ón bhFarraige

Thug Lt. Commander Neil Manning   – Captaen an L.E. James Joyce – agus tuismitheoir sa scoil – cuairt ar an scoil roimh an mbriseadh lár-théarma chun labhairt le daltaí na scoile faoina chuid oibre ar bhord na loinge sin sa Mhéanmhuir ag iarraidh teifigh ón Aifric a shábháil.

Chaith Neil agus an criú an Samhradh 2016 ar an L.E. James Joyce thart ar 30 míle amach ó chósta na hAifrice (cósta Libya) ag iarraidh cabhrú le daoine a bhí ag teitheadh ó Libya agus ag iarraidh dul go dtí an Eorap ( An Iodáil).  Bhíodar ar misiún daonna faoi scáth an U.N. mar chuid den iarracht ag Rialtas na hEireann chun cabhrú leis na teifigh.

Labhair sé faoi na báid a bhí curtha chun farraige agus iad briste agus an iomad daoine ar fad orthu – fir, mná agus leanaí óga. D’inis sé faoin méid a chaith daoine chun áit a fháil ar na báid seo.

Nuair a fuaireadar scéal faoi bhád i mbaol, bhí orthu dul chun cabhrú leis na daoine. D’inis sé do na daltaí faoi daoine a shocrú ar dtús agus ansin  crois tarrthála a thabhairt dóibh.

D’imigh an méid a bhí le rá aige i bhfeidhm go mór ar na daltaí agus go speisialta  na grianghrafanna agus videos a bhí á thaispeáint aige.  D’fhreagair Neil an chuid ceisteanna ansin roimh imeacht uainn.

Neil 1 Neil 2 Neil 3 Neil 4 Neil 5 Neil 6