Comhghairdeas!
Gach bliain glacann daltaí sa scoil páirt i “Discover Cork : Schools History Project” á eagrú ag Cllr Kieran McCarthy. Bíonn daltaí ón scoil i measc na buaitheoirí go minic chomh maith!
I 2016, rinne cailín amháin , Maria Ní Mhaothagáin, éacht lena tionscnamh agus bhuaigh sí an duais don tionscnamh is fearr as gach ceann a deineadh an bhliain sin.
“Lee – my journey to the Sea (featuring a fish and a frog).” an teideal a bhí ar an tionscnamh agus bhí an abhainn féin ag insint a scéal féin. Mhol an Moltóir go h-ard é mar phíosa staire agus dúirt sé gur bhreá leis é a fheiscint i bhfoirm leabhair.
Bhuaigh Maria an duais ” Best Creative Project” don obair seo chomh maith, agus an gradam seo tuillte go maith aici.
Maith thú Maria.




