Spás Súgartha
Le breis is bliain anuas tá muintir na scoile ag pleanáil chun ‘Spás Súgartha‘ a thógáil ar chúl na scoile. Beidh an ‘Spás Súgartha’ seo tairbheach do gach dalta sa scoil. Cabhróidh sé le gach dalta bheith gníomhach agus forbairt a dhéanamh ar réimse leathan scileanna atá tabhachtach dóibh ar scoil agus sa saol. Gan dabht- táimid ag súil thar aon rud eile go mmbainfidh siad sult agus spórt as bheith ag súgradh ann.
Tá an-chuid cabhair faighte againn ó Roinn an Teiripe Saothair i U.C.C. agus Coiste Tacaíochta na scoile. Tá nach mór €18,000 bailiithe ó fhondúireacht an Coiste, ó muintir gnó áitiúl agus ó deontas a fuaireamar ó Chiste Dhúin Laoi.
Tá thart ar €10,000 eile ag teastáíl uainn chun an tionscnamh seo a thabhairt chun críche agus táimíd ag iarraidh síntiús €50 ar a laghad ar gach chlann sa scoil.
Is féidir an síntiús a thabhairt isteach chuig Oifig na Scoile nó is féidir í a íoc le cuntas na scoile.
Cuntas: An Rúnaí, An Coiste Tacaíochta, Gaelscoil Uí Riada, Baile an Easpaig , Corcaigh:
Ag : Ulster Bank, High Street, Wilton, Cork;
Uimhir Cuntas : 69955006:
IBAN : IE09 ULSB 9854 8869 9550 06:
BIC : ULSB IE 2D
Beifear ag súil leis an sprioc seo a bheith sroichte roimh 19 Meitheamh 2015 agus táimíd cinnte go mbeidh ‘Spás Súgartha‘ den scoth againn a rachaidh chun tairbhe do gach dalta i nGaelscoil Uí Riada.
