Seomra I.T.
Deineadh athchóiriú ar an seomra ríomhaireachta sa scoil i rith na chéad téarma den bhliain.
Bhí deireadh ré sroichte ag na ríomhairí a bhí sa seomra agus fuaireamar seit ríomhaire nua-aimseartha a bhronn Coláiste na hOllscoile orainn.
Tá daltaí agus múinteoirí na scoile ag baint an- úsáid agus an-taitneamh astu agus tá siad ag cur go mór le hobair na ndaltaí ar fad.
Buíochas ó chroí leis na daoine ar fad a chabhraigh linn chun an obair athchóirithe a dhéanamh- go mórmhór Thomas Erlandsson, tuismitheoir sa scoil a thug na ríomhairí isteach chugainn agus a roinn a shaineolas linn, agus le Máistir Ó Gréilligh a chuir gach rud in ord agus in eagar do na ranganna.


