Sciath na Scol 2015: Craobh na gCailíní
Thug an fhoireann agus lucht leanúna na Gaelscoile, idir chairde agus tuismitheoirí, aghaidh ar Pháirc Uí Rinn ar an gCéadaoin 18ú le haghaidh Cluiche Ceannais i gcoinne Béal Guaile.
Bhí an lucht leanúna ag canadh agus ag tabhairt gach tacaíocht do na cailíní. Cluiche cothrom a bhí ann agus ag an deireadh bhí gá le h am breise.
Ní raibh an tadh leis an bhfoireann sa deireadh agus bhuaigh Béal Guaile an chluiche – ach bhí an scoil ar fad an-bhródúil as na cailíní agus an spiorad iontach a thaispeáin siad. Buíochas leo ar fad agus leis na “coaches” – Bean Úi Uallacháín agus Iníon Uí Chatháin.