
Lá na Scoileanna Gaeilge 18/5/’18
Thug Roinn na Gaeilge in Ollscoil Chorcaí cuireadh do gach Gaelscoil teacht ar cuairt chun an Choláiste le déanaí. Bhí triúr dalta ó Rang 5 in éineacht le múinteoirí na scoile ar an lá.
Cuireadh fáilte is fiche rompu agus labhair Ollamh le Gaeilge – Pádraig Ó Macháin agus Uachtarán an Choláiste – Pádraig Ó Sé leis na cuairteoirí .
Labhair siad faoin obair ionatch i leith na Gaeilge atá ar siúl sna Gaelscoileanna agus an líofacht atá ag na daltaí – rud atá le sonrú nuair a shroicheann na daltaí seo an Ollscoil féin.
Bhí turas timpeall an Choláiste ansin acu – agus d’fhoghlaim siad cuid de stair na h-áite agus chonaiceadar foirgnimh agus nithe cáiliúla.
Sa deireadh, fuair gach éinne soláistí agus tógadh grianghrafanna don ócáid.






