Corn Rugbaí na mBan i nGaelscoil Uí Riada

Ar an Déardaoin 16/4/15 chuir pobal na scoile uile fáilte roimh Fíona Hayes- ball d’Fhoireann Ban na hÉireann a bhuaigh Corn na 6 Náisiún le déanaí.

Bhí sceitimíní ar na daltaí mar imríonn roinnt mhaith daoine rugbaí agus theastaigh ó gach éinne an corn a fheiscint.

Labhair Fíona mar gheall ar na cluichí agus d’fhreagair sí a lán ceisteanna agus sular imigh sí ansin, bhí uirthi a síniú a chur ar gheansaithe agus T- léinte do lucht tacaíochta an rugbaí!Rugbai 1 Rugbai 3 Rugbai 4 Rugbai 2