Cluiche Peile Rang 5&6

Cluiche Peile Rang 5&6

Bhí bliain den scoth ag cailíní Rang 5 agus Rang 6 i gcúrsaí spóirt i mbliana. D’éirigh linn craobh peile Sciath na Scol a bhuachtaint agus shroicheamar an leath-chraobh sa chamógaíocht. Chuireamar críoch leis an mbliain iontach le cluiche cáirdiúil i gcoinne Gaelscoil Uí Ríordáin agus d’imir na cailíní thar barr arís! Beimid go léir an-bhrónach ag rá Slán le Rang 6 ag deireadh na bliana!