Tá an tógáil don Spás Súgartha nua sa scoil faoi lántseoil i láthair na h-uaire agus féachann sé go h-iontach ar fad.
Tá roinnt píosaí réamhdhéanta le teacht fós agus nuair a bheidh siad in áit, beidh iniúchadh le déanamh air agus ansin beidh deis ag leanaí na scoile an spás a úsáid agus taitneamh a bhaint as.
Nuair a bheidh sé in úsáid againn, tabharfaidh sé níos mó spáis do na leanaí súgradh agus beidh deis acu bheith gníomhach chomh maith.
Cloisimid an – chuid mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le leanaí a bheith gníomhach agus plé anois mar gheall ar sláinte inchinne leanaí.
Beidh an deis ag leanaí sa spás seo bheith gníomhach, ach beidh deis acu chomh maith suí agus labhairt lena chairde nó súgradh go ciúin i dtimpeallacht go mbeidh an nádúr timpeall orthu.
Buíochas le gach duine agius gach clann a thug cabhair agus airgead don scoil chun an tionscnamh seo a thabhairt go dtí an pointe seo.
