Foireann Chorcaí: Cluiche na mBunscoil/Primary Game
Comhghairdeachas mór le hAisling Ní Riain ó Rang 6 a bheidh ag imirt ar fhoireann camógaíochta ‘Primary Game’ i gcoinne Port Láirge’ ar an Domhnach 15ú Bealtaine i bPáirc an Bhreathnaigh. Táimid ana bhródúil asat Aisling! Go n-éirí leat!
Beatha nua sa Ghaelscoil.
Comhghairdeas le Rang 5 as na scolairí nua a tháinig ar an saol an tseachtain seo. Thug sibh togha na haire dóibh sa ghoradán! Failte roimh Albertó, Cipín, Chad, Núdail agus Sceallóg. Tá an Cásc buailte linn! CLICEÁIL ANSEO CHUN IAD A FHEISCINT! CLICEÁIL ARÍS CHUN IAD A CHLOISTEÁIL
Lúthchleasaíocht na hÉireann.
Bhí Comórtas Náisiúinta den scoth ann ag an deireadh seachtaine seo chaite agus d’éirigh le 3 ón scoil bonn a bhreith leo. Nach bhfuil siad do-chreidte? Comhghairdeas ó chroí libh Cathal, Lucy agus Tom!
Rang 3 i Halla na Cathrach le John Spillane
Bhí oíche den scoth againn i Halla na Cathrach le John Spillane is Rang 3 GS Uí Riada. Chanadar “Amhrán na nGael”, amhrán nua-chumtha ag Meabh Ní Bheaglaoich. Bhí an slua faoi dhraíocht acu! Cliceáil ar an bpictiúr thíos chun iad a chloisteáil. Tá cheolchoirm ar fad le feiscint anseo: Bhí turas iontach timpeall an […]
Seachtain na Gaeilge 2022!
Féachaigí anseo le haghaidh Imeachtaí na Seachtaine! Cliceáil anseo! Litir Eolais (cliceáil anseo)
