Turas Naíonáin Mhóra

Turas Naíonáin Mhóra

Thug Rang Naíonáin Mhóra cuairt ar Fota don turas scoile ar an Déardaoin 16ú Meitheamh. Bhí sceitimíní an domhain ar gach éinne agus iad ag dul ar an mbus an mhaidin sin. I Fota thugadar turas timpeall na háite agus chonaiceadar na hainmhithe agus na héin éagsúla.  Gan dabht, bhí gach duine caillte leis an ocras fén am go raibh sé in am don phicnic.   Turas go dtí an gheata ar an dtraein ansin , agus bhí sé in am bailiú leo ar ais ar scoil.