Scríobh Leabhar 2017
Ghlac daltaí ó Rang 2 páirt sa scéim “ Scríobh Leabhar 2017” roimh na laethanta saoire agus rinne siad sár-obair ar fad. Bhí na leabhair a chum siad go hálainn ar fad. Bhí an scéim seo eagraithe mar chomórtas freisin ag Ionad Tacaíochta Oideachais Chorcaí agus bronnadh na duaiseanna ar na buaitheoirí roimh laethanta saoire na Cásca ag ócáid speisialta. John Spillane a bhí mar aoi speisialta ar an oíche céanna. Comhghairdeas le Rang 2 ar fad agus a múinteoir agus go háirithe leis na buaitheoirí ón scoil seo – Niamh Ní Aodha, Séamus Ó Máille agus Alex Ó Sé




