Lá an Fhorógra 1916

Lá an Fhorógra 1916

Rinne daltaí na scoile an-chuid oibre do Chomóradh 1916 le déanaí agus ansin ar an Máirt 15ú Márta 2016 bhí ” Lá an Fhorógra” againn sa scoil. Eagraíodh searmanas ar an lá i gcuimhne ar Éirí Amach na Cásca 1916 agus bhí gach éinne sa scoil páirteach.

An mhaidin sin, bhailigh na daltaí ar fad sa chlós in aice na mbrat agus chuir an Príomhoide fáilte roimh gach éinne – daltaí, tuismitheoirí, baill an Bhoird Bainistíochta agus cairde. Tháinig Daniel Ó Mainnín ón tSeirbhís Chabhlaigh mar aoi speisialta.

Ardaíodh an Brat Náisiúnta – brat a bhronn Airm na hÉireann ar an scoil i Mí na Nollag, agus chanamar ‘Amhrán na bhFiann.’

Léigh daltaí ó Rang 5 agus Rang 6 – ‘FORÓGRA DO GHLÚIN NUA 2016’ , a chum daltaí na scoile ó Rang a 3-6. Ina dhiaidh sin chan gach duine ‘AN CHÚILFHIONN’ agus seinneadh ‘FÁINNE GHEAL AN LAE.’

Roimh an deireadh, labhair Seámus Ó Rinn ón mBord Bainistíochta, agus ghabh sé buíochas le gach duine sa scoil don obair iontach agus as an searmanas álainn a eagrú. Luaigh sé chomh maith cé chomh tabhachtach is a bhí sé ár stair féin a fhoghlaim agus a chomóradh.

Mar bhuille scoir, chan gach duine ‘Óró, ‘sé do bheatha ‘bhaile‘ agus bhí deireadh déanta.

Bhí solaístí do gach duine sna ranganna ina dhiaidh sin, agus cupán tae ag na daoine fásta sa halla.

Lá dár saoil, cinnte!

Lá Éirí an Bhrat

Lá an Fhorógra

Lá Éirí an Bhrat

Lá an Fhorógra

Lá Éirí an Bhrat

Lá an Fhorógra

Lá Éirí an Bhrat

Lá an Fhorógra

Lá Éirí an Bhrat

Lá an Fhorógra