Glantachán Earraigh
Eagraíodh Glantachán Earraigh sa scoil tar éis laethanta saoire na Cásca agus bhí gach rang páirteach ann. Ghlan gach rang a seomra féin agus áit amháin eile sa scoil.
Chabhraigh sé go mór go raibh na “bibs” cearta againn agus málaí bruscair agus athchúrsála chomh maith. Tar éis lá dian ag obair agus ag cur allais- bhí cruth álainn ar an scoil agus mórthimpeall na scoile.
Ní neart go cur le chéile!!



