
Credit Union Quiz 2016
Comhghairdeas le foirne na scoile a ghlac páirt sa Tráth na gCeist seo le déanaí. Déanaimid comhghairdeas speisialta le foireann ó Rang 4 agus 5 a bhuaigh an dara háit i gCorcaigh agus ansin d’imigh siad ar aghaidh don chraobh náisiúnta san R.D.S.i mBaile Átha Cliath.
Bhí sceitimíní ar gach éinne nuair a bhailigh gach duine don lá mór san R.D.S. agus chonaic siad na foirne eile agus bhuaileadar le Marty Whelan, Fear na gCeist.
Bhí na ceisteanna deacair go maith agus sa deireadh bhí scór an mhaith ag an bhfoireann agus thaitin an lá go mór leo. Buíochas leis na tuismitheoirí a d’imigh chun tacaíocht a thabhairt dóibh agus go spreisialta le Bean Uí Choileáin a chabhraigh leo an slí ar fad tríd an gComórtas.
Tá siad ag súil le Comórtas 2017 cheana féin!!

