Aonach na Leabhar

Ar an tseachtain deireanach Mí na Márta d’eagraíomar Aonach Leabhar i nGaelscoil Uí Riada. Seo an chéad aonach a bhí againn le cúpla bliain. Bhí sceitimíní ar gach éinne ag fanacht leis an “siopa leabhar” a bhí ag teacht. Ar an gcéad lá bhí seans ag na daltaí ar fad breathnú ar na leabhair a bhí ar fáil.

Bhí an siopa oscailte gach lá ar maidin, ag am lóin agus sa tráthnóna agus tháinig a lán tuismitheoirí chun leabhair a cheannach.

Cheannaíodar leabhair don scoil chomh maith agus táimíd ag súil go dtiocfaidh feabhas ar na leabharlainne ranga dá bharr.

Bhí cúpla rud speisialta eagraithe chomh maith- go speisialta an “Oíche Scéalaíochta” – tháinig daltaí sna bunranganna ar scoil sa pyjamas agus fuair gach duine deis leabhar a cheannach nó a leabhair féin a thabhairt isteach. Bhí am ciúin don léitheoireacht ansin agus bhain gach aon duine taitneamh as.

Léigh na daltaí sna h ardranganna do na daltaí óga agus bhí am ar leith le haghaidh D.E.A.R. gach lá.

Chomh maith le sin thug gach rang sa scoil cuairt ar an leabharlann álainn i Wilton- áit a théann daltaí scoile go minic!

Buíochas leis na múinteoirí ar fad a d’eagraigh an “Siopa Leabhar” agus a stiúirigh an clár-ama don tseachtain.

 

Aonach 2 Aonach 6 Aonach 3 Aonach 4 Aonach 5 Aonach 1