Turas Rang 5 go Oysterhaven
Ar an gCéadaoin 4ú Bealtaine a thug daltaí Rang a 5 cuairt ar Chuainín Oisre(Oysterhaven). Bhí gach duine ag súil le fada leis an turas seo leis na cairde ar fad ón rang. An mhaidin sin agus gach duine ag teacht ar scoil , bhí sé ag stealladh báistí go trom agus ní ró mhaith an cuma a bhí ar an spéir!! Bhí málaí móra lán d’éadaí agus treallamh don lá againn agus gach éinne ullamh don bhóthair.
Go luath tar éis a 9 , bhíomar ar an mbus agus gach duine go sona , sásta. Shroicheamar Oysterhaven thart ar 9 45 agus bhuaileamar leis na h oiliúnóirí. Ansin, chuireamar na wetsuits orainn agus isteach san uisce linn. Bhí sé thar barr – agus bhí an bháisteach imithe!
Nuair a bhí imeachtaí san uisce críchnaithe bhí sé in am don lón. Bhíomar caillte leis an ocras agus thugamar faoi na sceallóga agus sicín le fonn.
Tar éis lóin chuireamar ár seanéadaí orainn agus bhí sé in am don “Adventure Course”. dhá fhoireann i gcomórtas lena chéile ag an uisce. Ní fada go raibh gach duine fliuch báite. Faoi dheireadh , bhí an turas iontach thart agus nuair a shuíomar ar an mbus don turas abhaile bhí fonn codlata ar gach duine agus gach éinne go sona sásta.














