Turas go Baile Átha Cliath – Rang  6

Turas go Baile Átha Cliath – Rang 6

Chuaigh Rang 6 ar turas go Baile Átha Cliath ar an gCéadaoin 1ú Meitheamh. D’fhág an bus an scoil ar 7.30 ar maidin toisc go raibh coinne acu cuairt a thabhairt ar taispeántas “Tutenkhamun” san RDS ag 11 a chlog.

Shroich siad an RDS in am agus bhain gach duine taitneamh as an taispeántas iontach. Bhí picnic ina dhiadh ar an bplásóg taobh amuigh – agus siopa taobh leis!

Ansin ar ais ar an mbus chuig an Natural History Museum, agus deis acu siúl timpeall an museum nuamhaisithe. Thaitin sé go mór le gach duine agus bhí seans ag daltaí nithe a cheannach sa siopa . D’fhág siad an Museum agus shiúil an grúpa timpeall go dtí Sráid Chill Dara – chuig Teach Laighin agus cuairt ar Dáil Éireann. Chuir Teachtaí Dála Chorcaí fáilte rompu ansin agus chuaigh siad go dtí gealaraí na gcuairteoirí, áit a bhí an t-Aire Iompair ag freagairt ceisteanna.

Ina dhiaidh sin, thug siad cuairt an an Seanad agus ansin bhí sé in am do ” Refreshments ” eile i mbialann na Dála sula n-imíodar ar ais go dtí an bus. D’fhág siad slán ag Baile Átha Cliath gan mhoill agus rinne siad stop riachtanach eile sa Droichead Nua – tigh Mhic Dómhnaill ( McDonalds!) Bhí gach duine stiúgtha leis an ocras faoin am seo.

Ar ais sa bhus ansin don turas deireanach go Corcaigh – agus is mó dalta traochta a bhí ann nuair a stop an bus lasmuigh den scoil ar 9.00 a chlog. Lá dár saol cinnte agus buíochas mór leis na múinteoirí as ucht an turas iontach a eagrú dóibh.

Rang a 6 will remember their tour to Dublin on Wednesday , June 1st 2011 for a long time to come. An early start saw the bus departing the school at 7.30 a.m. No stop till the capital , where the group visited the exhibition ” Tutenkhamun and his Treasures” in the R.D.S. Later it was on to the newly refurbished Natural History Museum and later still a trip to Leinster House and a visit to the Dáil and Seanad – both of which were in session – plus a chance to see some well-known faces !

Finally, after a tiring and busy trip, came the important stop at McDonalds in Newbridge before the final leg of the journey back to Wilton. The bus arrived at the school at 9.00 pm, bringing and end to a great and memorable day for all in Rang 6. A special thank-you to the teachers for organising such a wonderful day.