Seachtain na Gaeilge  2014

Seachtain na Gaeilge 2014

Mar is gnáth, beidh Gaelscoil Uí Riada an -ghnóthach le haghaidh Seachtain na Gaeilge arís i mbliana. Tá sé de nós againn ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr Gaelach go speisialta ag an am seo agus tá clár cuimsitheach d’imeachtaí do na daltaí agus na tuismitheoirí eagraithe againn. Seo a leanas sampla de:

An Luan 10ú ; Tráth na gCeist – ceann do na bunranganna agus ceann do na hardranganna.

An Mháirt 11ú: Seó Talainne do dhaltaí ó Rang 1 go Rang 6!

An Chéadaoin 12ú: Beidh Ranganna 4 ag dul go Leabharlann Bhaile an Easpaig chun clár scoraíochta – idir cheoil agus amhránaíocht a dhéanamh don phobal.

Beidh Bingo ar siúl i Halla na Scoile do na ranganna ar fad um thráthnóna.

An Déardaoin 13ú : Zumba ar siúl i Halla na Scoile agus seans ag gach rang na ” bróga rince” a chaitheamh!!

Oíche Mór Bingó do leanaí agus a dtuismitheoirí i Halla na Scoile ó 7 – 9. Bígí Linn!!!

An Aoine 14ú : Díospóireacht idir Rang 5 agus Rang6 leis an rún ” Gutháin Póca – Beannacht nó Mallacht?

Bainigí go léir taitneamh as.