Sciath na Scol Sports Quiz.

Sciath na Scol Sports Quiz.

 

Tháinig foireann Tráth na gCeist Spóirt ó Ghaelscoil Uí Riada sa chéad áit- ARÍS!- sa chomórtas bhliantúil seo a bhí ar siúl ar an 5ú Nollaig in Óstán Rochestown Park.

Tá an tráth na gceist spóirt seo oscailte do scoileanna i gCorcaigh agus tá sé ar siúl ó 2007 i leith. agus i mbliana ghlac 72 fhoireann páirt ann. Seo an 3ú babtha atá sé buaite ag Gaelscoil Uí Riada. Bhí ceisteanna ar réimse leathain spóirt sa quiz agus ní ró-éasca a bhíodar- fiú dóibh siúd le suim ar leith acu i gcúrsaí spóirt.

Buíochas ar leith don “coach” a bhí ag na daltaí – Máire Uí Choileáin, múinteoir sa scoil a d’ullmhaigh na foirne ón scoil. Comhghairdeas freisin leis an dá fhoireann eile ón scoil a rinne éacht chomh maith. Tháínig foireann ó Rang a 5 sa tríú áit ar fad agus an fhoireann eile ó Rang a 5 sa cúigiú áit – agus gan dabht ní bheidh sé éasca an corn a bhaint ó Ghaelscoil Uí Riada arís i 2013.

Once again a team of pupils from Rang a 6 in Gaelscoil Uí Riada emerged victorious at the Sciath na Scol Annual Sports Quiz which was held recently in the Rochestown Park Hotel.

The quiz, which is open to all primary schools in Cork, has been held since 2007. This year 72 teams took part and this is Gaelscoil Uí Riada’s THIRD victory in the competition.

Questions were asked on a wide range of sports and were challenging even for dedicated sports fans! A special thank you to the pupils “coach” – Máire Uí Choileáín – a teacher in the school who prepared the teams for the competition.

Congratulations also to the two other teams from Gaelscoil Uí Riada who did extremely well with two teams of pupils from Rang 5 finishing in 3rd and 5th places overall – and who will no doubt make it difficult to take the trophy away from Gaelscoil Uí Riada in 2013!