Sciath na Scol Buachaillí Peil 2018
Bhíomar lán de dhóchas i mbliana ag tabhairt fé Sciath na Scol. Bhí painéal mór láidir ag na buachaillí . Thosaíomar láithreach ag traenáil thuas sa CLG is istigh sa halla is bhí spiorad iontach le feiscint gach lá i dteannta leis na Maistrí. Thosaigh na buachaillí ag imirt i gcoinne Scoil Naomh Iosaif is in ainneoin na hiarrachta iontach chaillemar 5:13 – 5:04. Cluiche den scoth a bhí ann is bhraitheamar go raibh seans maith againn fós sa chomórtas. Sa tarna chluiche bhí mí-ádh orainn i gcoinne Bhaile an Óra. Fuaireadar cúl déanach sa chluiche chun na pointí a sciobadh uainn. Bhíomar san bhaile don chluiche deireanach is thugamar cluiche maith do Bhun an Taibhairne ach bhíodar buile beag níos fearr ná sinn ar an lá. Tríd is tríd bhaineamar an-taitneamh as an gcomórtas is as an gcairdeas a chothaigh sé eadrainn. Beidh lá eile ag an bpaorach is tabharfaimid aghaidh ar an iomaint tar éis na Nollag le cúnamh Dé.
