
Peil na mBan Chorcaí
Bhí áthas ar gach duine sa scoil nuair a thug captaen fhoireann peil na mban Chorcaí – Amy O Shea, i dteannta thraenálaí na foirne – Éamonn O Riain, cuairt ar an scoil ar an Aoine 10ú Samhain agus gan dabht thug Amy léi Corn Uí Mháirtín a bhuaigh siad i gcoinne Muineachán le déanaí. Bhí daltaí na scoile gléasta i dathanna Chorcaí agus an -chuid daltaí le geansaí an chontae féin orthu. Labhair an captaen mar gheall ar an bhfáilte a cuireadh rompu sa scoil agus sna scoileanna eile ina rabhadar. Labhair an traenealaí le daltaí uile na scoile – go háirithe Rang 5 agus Rang 6 – mar gheall ar an tábhacht a bhain le spórt agus caitheamh aimsire a bheith acu , mar gheall ar an mbia cheart a ithe agus taitneamh a bhaint as bheith páirteach i spórt.
Bhí deis ag gach duine ansin a ghrianghrafanna a fháil le Amy agus leis an gcorn sula bhfágamar slán lenár gcuairteoirí. Buíochas le Brian Tyers – tuismitheoir sa scoil – as ucht an cuairt a eagrú don scoil.
We were delighted to welcome Amy O Shea, captain of the Cork Ladies football team and trainer Eamonn Ryan when the visited Gaelscoil Uí Riada on Thursday, 10th November. All pupils were dressed in the Cork colours in anticipation of the visit and were excited to see the Brendan Martin Trophy which the Cork team won when they defeated Monaghan in the All-Ireland Final recently. Amy O Shea spoke to the pupils and thanked them for the great welcome that they received in Gaelscoil Uí Riada. Trainer Eamonn Ryan spoke particularly to the pupils of Rang 5 and Rang 6 urging them to have a hobby and to play sport as that hobby. He also spoke about the importance of nutrition and of avoiding too much sugar and fizzy drinks in order to be fitter and healthier.
Then it was time for many photograhs with Amy and the trophy before we said “Slán” to our visitors.






