Lá ETIM den Scoth!!
Bhain Muintir na Scoile an-taitneamh as an Lá ETIM (Eolaíocht Teicneolaíocht Innealltóireacht Mata) mar chuid den STEM WEEK. Bhí taispeántais den scoth curtha ar siúl sa halla don mhaidin ar fad is chuir gach rang rud leis. Bhí an uile duine faoi dhraíocht ag iontais paistí Ranganna 5 agus 6. Idir Díneasáir is Droichid, Roicéid is Róbó bhí an-chraic againn. Ar mbuíochas ó chroí le Olivia (mamaí Rónain, Naí Bheaga), Saoirse, Katie agus DELL as ucht VEXROBOTICS iontach a chur ar fáil dúinn.
































