
Cuairt an Ardmhéara 2017
Thug an Ardmhéara – Antóin Mac Gearailt – cuairt ar Ghaelscoil Uí Riada ag deireadh Mí Mhéan Fómhair . Chuir muintir na scoile fáilte mhór roimhe i Halla na Scoile agus bhí na daltaí ar fad ag súil le bualadh leis.
Labhair sé leo mar gheall ar slabhra an Ard-Mhéara agus an stair a bhain leis agus lean sé air ansin ag labhairt faoin tábhacht a bhain le bheith sláintiúl agus bia folláin a ithe.
D’iarr sé ar gach duine ansin bheith deas agus cneasta le gach duine sa rang agus ar scoil agus gan éinne a fhágaint amach. Mhol sé dóibh chomh maith bheith ag faire amach do chairde a bhi brónach.Ag an deireadh chan na daltaí ar fad ” An Seanduine” agus “Amhrán na bhFiann” dó.






