2020-21

AN COISTE GHLAS – 2020-21
Sixth Class: Aoife & Conor

Fifth Class: Faye & Míchéal

Rang 4 : Sean Óg is Aisling

Bithéagsúlacht san Scoil is sa bhaile

Ta an-chuid oibre déanta ag paistí múinteoirí agus tuuistí na scoile chun an bithéagsúlacht a chur chun tosaigh i mbliana. Idir gnáthóga a chruthú, ionaid foghlama a chruthú is eolas a scaipeadh tá éacht déanta acu go leir. Aithníonn ciaróg ciaróg eile mar a deirtear ach aithníonn muintir na scoile seo an tábhacht a bhaineann le gach rud beo is an gnáthóg a chothaíonn iad. Féach an méad atá déanta anseo againn.

Plean Gníomh/Action Plan – Gaelscoil Uí Riada

Obair Curaclaime/Curricular Work – Gaelscoil Uí Riada

An Bhithéagsúlacht/Biodiversity

[highlight dark=”no”]Féachaigí anseo!!! (Cliceáil ar seo led’ thoil!)[/highlight]

Saotharlainn Nua Lasmuigh don Bhithéagsúlacht

Agus sinn ag tabhairt fé gnáthóga a thógáil le haghaidh ár gcairde beaga…

Action Plan – Gaelscoil Uí Riada

Curricular Work – Gaelscoil Uí Riada

An Bhithéagsúlacht

Bus na Rothar 2020-21

Tá éacht déanta ag Karen, Cillian agus baill an an Choiste Tacaíochta chun Bus na Rothar a chur i bhfeidhm i mbliana mar chuid den Scoil Glas

SEAICÉID NUA DO NAÍONÁIN

Tháinig daoine ó Electric Ireland go dtí an scoil le déanaí chun seaicéid so-fheicthe nua a bhronnadh ar leanaí i Naíonáin Bheaga. Ina measc bhí tuismitheoirí na scoile Mary Uí Mhathúna agus Seán Ó Cinnseamháín, a chabhraigh linn chun é seo a eagrú. Faoi láthair, tá muintir Ghaelscoil Uí Riada ag obair chun an Brat Glas: Taisteal a aimsiú níos déanaí sa bhliain.

Chuir na leanaí ar fad na geansaithe nua orthu agus thógamar roinnt grianghrafanna timpeall na scoile. Nach bhféachann siad go h álainn ar fad! Buíochas mór le gach éinne as an ócáid seo a eagrú agus tá súil againn go mbeidh na seaicéid seo á chaitheamh acu nuair a bheidh siad ag siúl ar scoil!!

Bhí Maor Tráchta na scoile , Rosarie, ann chun cabhrú leo chomh maith.

Hiviz 2 Hiviz 3 Hiviz 4

No Reproduction Fee ESB Hi Vis Vests at Scoil Ui Riada, Wilton, Cork. Included are Mary O'Mahony, John Kingston, Anne Kelleher and Eoghan O'Callaghan, of ESB. Pic John Sheehan

SIÚL AR SCOIL (S.A.S) – Brat Glas 4 – TAISTEAL

Ar an gCéadaoin 14ú Méan Fómhair a eagraíodh an chéad siúlóid ar scoil i mbliana. Bhailigh na daltaí agus roinnt mhaith tuismitheoirí le chéile ag an S.M.A. agus in aice an Naíonra agus ansin shiúil siad go dtí an scoil. Fuaireamar amach gur shiúil 9 as gach 10 dalta sa scoil.

Is cuid den obair ar an mBrat Glas le haghaidh Taisteal é seo agus táimíd ag iarraidh aire a dhíriú ar conas a thagann daoine ar scoil, ar an trácht agus ar na buntáistí a bhaineann le bheith gníomhach.

Beidh a thuilleadh siúlóidí á eagrú againn tríd na bliana agus beimid ag súil le tacaíocht uaibh ar fad.

TAISTEAL AR SCOIL

Táimíd ag iarraidh daoine a spreagadh chun slite eile a úsáid chun teacht ar scoil ( seachas an carr)

Seo a leanas roinnt moltaí:

1. SIÚL : Siúl an slí ar fad nó cuid den slí.

2. PÁIRCEÁIL AGUS SIÚL: Déan páirceáil tamall ón scoil agus siúl an cuid eile den slí.

3. ROTHAR: Is slí maith í chun teacht ar scoil muna bhfuil tú i do chónaí ró-fhada ón scoil. Ná déan dearmad ar an gclogad agus an seaicéad so-fheicthe!!

4. CARR-ROINNT: An féidir leat síob a thabhairt do daoine eile seachtain/lá amháín agus tabharfaidh siad síob duit lá / seachtain eile?

5. BUS: An bhfuil bus ar fáil a thagann cóngarach don scoil?

6. SCÚTÁIL: B’fhéidir go mbeadh deis agat scútáíl ar scoil- tá sé níos tapúla ná bheith ag siúl!

AIDHMEANNA: (a) Gearradh siar ar an trácht timpeall na scoile ar maidin : Reduce traffic volume in school area in the morning.

(b) Gearradh siar ar an méid fuinneamh a úsáidimid : Reduce the amount of energy we use

(C) Daltaí ( agus tuismitheoirí) a spreagadh chun bheith níos gníomhaí : Encourage pupils ..( and parents) to be more active.

MANADH / MOTTO

” Ná bac le gluaisteán, úsáid an cosán” / ” Forget the car, use the footpath”

Paddy i Rang 6 a chum an manadh seo! Maith thú!

Manadh Scoil Glas Scoil Ghlas 2 Scoil Ghlas

SLITE EILE CHUN TAISTEAL AR SCOIL

1. SIÚL: Beidh tú níos sláintiúla agus gearrfaidh tú siar ar fuinneamh a úsáid

2. ROTHAÍOCHT: Beidh tú níos sláintiúla arís agus ná dearmad an clogad agus éadaí so-fheicthe!

3. SCÚTÁIL: Bain úsáid as na cosa agus gearr siar ar an trácht

4. PÁIRCEÁIL AGUS SIÚL: Muna bhfuil sé ar do chumas siúl an slí ar fad, b’fhéidir go mbeidh tú in ann siúl cuid den slí?

5. CARR-ROINNT: An féidir leat síob a fháil ó chomharsan nó cara? Is féidir é seo a eagrú le daoine eile.

SAS 1 SAS 5 SAS 6 SAS 7 SAS 8 SAS3 SAS4 4