Ainmníodh an scoil in omós do Sheán Ó Riada toisc gur éirigh thar barr leis an Riadach cultúr agus ceol na hÉireann a chur chun cinn.

Rugadh Seán Ó Riada i 1931 i gCorcaigh. Ba é an duine ba shine ina chlann. Bhí deirfiúr amháin aige, Louise. Bhí ceol sa chlann riamh. D’fhéadfadh máthair Sheáin fonn traidisiúnta a bhaint as aon uirlis ceoil. Nuair a bhí Seán óg, fuair sé ceachtanna ar an bpianó, ar an veidhlín agus ar an orgán.

Sheán Ó RiadaChuaigh an Riadach go Coláiste Barra i bhFearann Phiarais i gCathair Chorcaí i 1943. Bhuail sé le Aloys Fleischmann mar mhúinteoir phianó ann. Ansan, d’fhreastal sé ar Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh i 1948. Bhain sé céim B. Mus. amach i 1951. Tar éis dó an Coláiste a fhágáil, chur sé suim i gceol ó Mheiriceá Theas, mar shampla Rumba, Samba, Cha-Cha agus a leithéid.

Mheas Seán Ó Riada go raibh cosúlacht láidir idir ceol an Ind agus ceol na hÉireann. Bhí sé congarach do spioraid an duine aonair. Ach ba ar thraidisiúin na hEorpa a chas sé agus a chuir tionchar air le linn dó ‘bheith ag cumadh sna blianta 1950 – 1963. Bhí bá aige, áfach, do gach saghas ceoil agus bhí cúlra agus traenáil aige a d’fhág claonadh chun an iltíreachais ann. Tá meascán den ghreann agus den tragóid go suntasach ina chuid oibre freisin.

Fuair sé post mar leas-stiúrthóir ceoil i Radio Éireann i 1953, rud nár thaitin leis beag ná mór. Ní ar obair oifige a bhí sé dírithe ach ar shaol chumadóra. Tharraing sé as ciste luachmhar na seansibhialtachtaí agus thug sé ceol na tíre seo laistigh de fhráma nua-aimseartha. Dar ndóigh cuimhneofar air, toisc an ceol a chum sé sa stíl dúchasach Gaelach. Bhíodh sé i dteagmháil le ceoltóirí traidisiúnta an bhuíon as ar fhás Ceoltóirí Cualann. Ba le cabhair ón eagraíocht Gael-Linn a dhein sé iad seo a bhunú. Cuireadh sraith ceirníní amach agus cuireadh ceolchoirmeacha ar súil faoi stiúir an Riadaigh beagnach go dtí gur cailleadh é i 1971. Chum sé scóir do scannáin freisin : ‘Mise Éire,’, (1959); “Saoirse”, (1961) agus “An Tine Bheo”. (1966). Ach ba í “Róisín Dubh” an píosa ceoil is mó a chorraigh anam an phobail. Chum sé “Aifreann Uí Riada” chomh maith. De dheasca saothair an Riadaigh, musclaíodh suim an phobail inár n-oidhreacht ceoil traidisiúnta. Thar aon rud eile, thug sé léargas úrnua do mhuintir na hÉireann ar fhiúíntas agus ar áilleacht a gceol dúchais féin. Ag cur san áireamh nach raibh aige ach daichead bliain saoil, b’iontach mar a d’éirigh leis an éacht sin a dhéanamh.

Fuair sé bás i Londain i 1971. Seoladh an corp thar n-ais go Corcaigh. Ag a shochraid bhí ceol ann ó Willie Clancy, Tony McMahon, Ceoltóirí Cualann agus Cór Chúil Aodha le Peadar Ó Riada ar an orgán.