Mar is gnáth, beidh Gaelscoil Uí Riada an -ghnóthach le haghaidh Seachtain na Gaeilge arís i mbliana. Tá sé de nós againn ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr Gaelach go speisialta ag an am seo agus tá clár cuimsitheach d’imeachtaí do na daltaí agus na tuismitheoirí eagraithe againn. Seo a leanas sampla de:

An Luan 11ú Na hAghaidheanna Craiceálta: Comórtas iontach ina mbeidh na paistí go léir ag gléasadh suas chun gáire a bhaint asainn go léir.

Cuairteoirí mór le rá idir iarscoláire Donncha Ó Laoghaire T.D. agus Liadh Ní Riada ag teacht chun na scoile chun ceilliúradh linn.

An Mháirt 12ú: Quizeanna Boird Naí. Bheaga go dtí Rang 6

An Chéadaoin 13ú: Zumba as Gaeilge ar maidin is Seó Talainne as Gaeilge san iarnóin.

An Déardaoin 14ú : Bingó sa Halla ar Maidin le gach rang is an Poc ar Buile, John Spillane, ag 12:30pm

Oíche Mór Bingó do leanaí agus a dtuismitheoirí i Halla na Scoile ó 7 – 9. Bígí Linn!!!

Bainigí go léir taitneamh as.

20190311_231606