Treodóireacht Rang 6
Níor chuir an drochaimsir isteach ná amach ar Rang 6 nuair a thugadar fé Pháirceanna an Laoi ar an Máirt. Shiúil an rang síos chuig an suíomh treodóireachta agus bhíodar ullamh chun tabhairt faoin gcúrsa le fonn. D’éirigh le gach duine an cúrsa iomlán a chríochnú in ainneoin na báistí agus thugadar cúpla bonn abhaile leo freisin. Comhghairdeachas le gach duine a ghlac páirt sa chéad seisiúin treodóireachta den bhliain!