
Rang 2 ina Ealaíontóirí Grafacha
Bhí an t-ádh le Rang 2 ar an Máirt seo caite mar bhí seans acu bualadh le Colin O’Mahoney a oibríonn mar ealaoíntóir grafach. D’inis sé dúinn faoi ghreannáin agus roinn sé eolas suimiúil maidir le téamaí, carachtair agus bolgáin cainte. Bhí seans againn ár ngreannáin féin a chruthú agus a mhaisiú. Beidh údair agus maisitheoirí sa todhchaí ón rang seo cinnte! Féach ar an ngreannáin faoi Oíche Shamhna, Star Wars, ár bPeataí, Caitheamh Aimsire agus ár gCairde!






