” Please Sir…… ! ” – “OLIVER 2015”
Is ar an 9ú agus an 10ú de mhí na Nollag 2015 a léirigh daltaí na scoile an dráma is déanaí leis ag an scoil – ” Oliver 2015″. Tar éis na ‘auditions’ ar fad, na h amhráin, na céimeanna rince a fhoghlaim , feisteas a eagrú – bhí gach rud ullamh don oíche mhór.
Ansin, nuair a d’imigh an cuirtín siar, thosaigh an draíocht, agus ar feadh dhá uair a chloig bhí gach éinne sa Halla scoile faoi dhraíocht féin ag an scéal iontach os a gcomhair.
Bhí gach dalta sa scoil ar an ardán an dá oíche agus caithfidh go raibh tuismitheoirí agus cairde ar fad an-bhródúil as na h-aisteoirí óga agus a n-iarrachtaí. Tá súil againn go mbeidh cuimhní iontacha acu go léir ar an ócáid seo.
Buíochas mór le foireann iontach na scoile a d’oibrigh go dian chun an dráma seo a ullmhú agus le Shirley McCarthy, múinteoir urlabhraíochta agus drámaíochta na scoile a chuir na gnéithe éagsúla den dráma le céile go proifisiúnta.