Laochra Gael inár measc!! Tá an gorta thart!!

20180529_13274520180529_132500_00120180529_132529(0)

 

Bhíomar lán de dhóchas agus sinn ag tabhairt fé Chraobh Sciath na Scol. Bhí Páirc Uí Rinn clúdaithe le dearg is bán nuair a thuirling lucht leanúna na scoile ina sluaite glóracha. Bhí an Dreoilín á chanadh againn gan stad, gan staonadh sa seastán. Ní raibh oiread na fríde idir an dá scoil don chluiche ar fad. Cheap ár gcéile comhraic go raibh deireadh lenár mustar  nuair a lasc Baile Átha an Chéasaigh an sliotar isteach sa líontán chun teacht ar ais ar comhscór linn is an t-am nach mór istigh. Ach ní mar a shíltear is a bhítear- sheasamar ar an bhfód is d’éirigh an lúir ba mhó ón slua nuair a d’eitil an phoc dheiridh sa chluiche caol díreach idir na cuaillí ó chamán draíochta Dharragh Uí Dhonnabháin. D’ardaigh sé ár gcroíthe go hard na bhFlaithis nuair a ghlac Harrison Grant is ár Laochra Gael an corn ar son na scoile!! Lá dár saol a bhí ann. Bhí an gorta fada thart!! Gaelscoil Uí Riada abúúúú!