Folláine sa Ghaelscoil!

Táimid ag freastal ar ár bhFolláine phearsanta i Rang 2. Chuamar go dtí  séipéal SMA d’Adhradh na hEocairiste. Is saghas Meabhrú é seo do Chríostaithe. Bhuaileamar leis an tAthair Mícheál ann. Thaispeáin sé dúinn conas suí go ciúin sa séipéal is labhairt le hÍosa inár gcroíthe. Bhí an ciúnas go hálainn. Dhein sé maitheas dúinn sos a ghlacadh ann. Fuaireamar amach go bhfuil sé ar siúl ann gach Luan, Céadaoin is Aoine ó 11am go dtí a 2pm. Thaithin sé go mór linn.

20190118_142233