
Cuairt an Árdmhéara
Tháinig an Árdmheara nua, Deirdre Bn. Uí Fhuartáin, ar cuairt chuig na scoile an tseachtain seo. Chanamar ‘Trasna na dTonnta’ di is bhí sí faoi dhraíocht ag na páistí! Labhair sí le gach páiste sa scoil is bhronn sí leabhar álainn orainn faoi stair na hoifige. Tá súil aici go mbeidh an-chuid cailíní agus buachaillí ag iarraidh a bheith ina nArdmhéara sa todhchaí.









