Cuairt an Ardmhéara is Bean an Ardmhéara.

Tháinig an tUasal Seán Ó Síocháin is a bhean chéile Aedamar chun na scoile ar an Aoine seo chaite. D’ardaigh sé Brat na Scoile i dteannta le Rang 6.

Bhuail siad leis an scoil uile istigh sa Halla is b’é an chéad chuairteoir a d’úsáid ar gcóras fuaime nua.

Bronn páistí Rang 6 & 5 bronntanas ar an mbeirt Aoi speisialta- T-Léine ó Sheachtain na Gaeilge ar an Ard Mhéar féin (toisc an grá atá aige don rith is traenáil) is cóip den amhrán a chanamar dóibh le fonn ag an ndeireadh, Trasna na dTonnta, ar Bhean an Ardmhéara (toisc an ghrá atá aici don Ghaeilge is don Cheol) Bhí an bheirt acu faoi dhraíocht ag na páistí idir iompar is cur i láthair.

D’admhaigh Bean an Ardmhéara go raibh áit speisialta aici ina croí don scoil seo toisc an nasc clainne a bhí ann is an tréimhse a chaith sí anseo ag obair anseo roinnt blianta ó shin!

Maith sibh a mhúinteoirí is a phaistí!

Gaelscoil Uí Riada go deo!!