Cuairt an Ard-Mhéara 2015
Thug Ard-Mhéara Chathair Chorcaí – Chris O’Leary, cuairt ar Ghaelscoil Uí Riada ar an Máirt 15ú Méan Fómhair. Chuir muintir na scoile fáilte mhór roimhe agus roimh a bhean a bhí ina theannta.
Labhair an Ard-Mhéara mar gheall ar aire a thabhairt do gach duine agus gan cur isteach ar éinne . Labhair sé chomh maith mar gheall ar Comóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca 1916 agus d’iarr sé ar na leanaí scéal 1916 óna gclainne féin a fhoghlaim.
Mhol sé dóibh labhairt le seantuistí nó sinsean-tuistí agus iad a cheistiú faoi aon bhaint a bhí ag daoine sa chlann leis an ócáid stairiúl sin.
Chan na daltaí ar fad amhrán dó agus sheinneadar port ar an bhfeadóg sular fhág sé.