Craobh Sciath na Scol

Bhí lá iontach againn i bPáirc Uí Rinn ar an Aoine seo chaite. Chruthaigh Lucht Tacaíochta na Scoile atmaisféar iontach is thug ar gCailíní ard-taispeántas dúinn. Cé go rabhamar 4 chúilín chun deiridh ag leath ama throideamar ar ais is d’imíomar chun tosaigh leath slí tríd an tarna leath. Ní raibh an t-ádh linn an uair seo is ghoid Scoil na hInse an corn leis an gcic deireanach. Beidh lá eile ag an bPaorach is beimid ar ais don Camógaíocht tar eis na Nollag!!

Maith sibh a pháistí is a mhúinteoirí- táimid an-bhródúil asaibh uile!!