Cluiche Ceannais Sciath na Scol

Cluiche Ceannais Sciath na Scol

Táimid go léir ag tnúth go mór leis an lá mór i bPáirc Uí Chaoimh ar an Luan, 14ú Samhain. Lá mór dúinn anseo sa Ghaelscoil mar beidh foireann peile na gcailíní ag imirt i gcluiche ceannais Sciath na Scol in aghaidh Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin ó Chloch na Coillte ag 12 a chlog! Tá ana chuid traenála déanta ag na cailíní agus tá siad ullmhaithe go maith chun aghaidh a thabhairt ar an gcluiche mór. Beidh Ranganna 2 go 6 ag taisteal chuig Páirc Uí Chaoimh agus beidh gach duine gléasta i ndathanna na scoile. Bígí linn agus tugaigí libh bhur mbratacha! Maith sibh a chailíní táimid thar a bheith bródúil asaibh!

Gaelscoil Uí Riada Abú!!!