
Bogadh an Troscáin ar ais ó Rinn an Scidígh
Bhí sceitimíní an domhain orainn go raibh ár dtrealamh, a cuireadh i stóras ag tús na paindéime, ag teacht ar ais chugainn faoi dheireadh. Bhailigh go leor daoine ón gCoiste i ‘Carbon Group’ ar 8.30 ar maidin chun an leoraí a líonadh agus sar i bhfad bhí sé lán go barr. Bhí meitheal mór againn ann agus d’éirigh linn gach rud a lonnú go slán sábháilte an mhaidin sin i halla na scoile.
An Luan dár gcionn rinne páistí Ranganna 5&6 éacht oibre chun gach rud a ghlanadh is a lonnú sna cófraí nua.
Tá buíochas mór tuillte ag ‘Carbon Group’ as an gcabhair ar fad a thug siad dúinn leis an bhfeachtas seo.
Ní neart go cur le chéile!





