Scéalta Brónacha ón bhFarraige

Thug Lt. Commander Neil Manning   – Captaen an L.E. James Joyce – agus tuismitheoir sa scoil – cuairt ar an scoil roimh an mbriseadh lár-théarma chun labhairt le daltaí na scoile faoina chuid oibre ar bhord na loinge sin sa Mhéanmhuir ag iarraidh teifigh ón Aifric a shábháil.

Chaith Neil agus an criú an Samhradh 2016 ar an L.E. James Joyce thart ar 30 míle amach ó chósta na hAifrice (cósta Libya) ag iarraidh cabhrú le daoine a bhí ag teitheadh ó Libya agus ag iarraidh dul go dtí an Eorap ( An Iodáil).  Bhíodar ar misiún daonna faoi scáth an U.N. mar chuid den iarracht ag Rialtas na hEireann chun cabhrú leis na teifigh.

Labhair sé faoi na báid a bhí curtha chun farraige agus iad briste agus an iomad daoine ar fad orthu – fir, mná agus leanaí óga. D’inis sé faoin méid a chaith daoine chun áit a fháil ar na báid seo.

Nuair a fuaireadar scéal faoi bhád i mbaol, bhí orthu dul chun cabhrú leis na daoine. D’inis sé do na daltaí faoi daoine a shocrú ar dtús agus ansin  crois tarrthála a thabhairt dóibh.

D’imigh an méid a bhí le rá aige i bhfeidhm go mór ar na daltaí agus go speisialta  na grianghrafanna agus videos a bhí á thaispeáint aige.  D’fhreagair Neil an chuid ceisteanna ansin roimh imeacht uainn.

Neil 1 Neil 2 Neil 3 Neil 4 Neil 5 Neil 6

Comhghairdeas!

Gach bliain glacann daltaí sa scoil páirt i “Discover Cork : Schools History Project” á eagrú ag Cllr Kieran McCarthy.  Bíonn daltaí ón scoil i measc na buaitheoirí go minic chomh maith!

I 2016, rinne cailín amháin , Maria Ní Mhaothagáin, éacht lena tionscnamh agus bhuaigh sí an duais don tionscnamh is fearr as gach ceann a deineadh an bhliain sin.

“Lee – my journey to the Sea (featuring a fish and a frog).”     an teideal a bhí ar an tionscnamh agus bhí an abhainn féin ag insint a scéal féin.    Mhol an Moltóir go h-ard é mar phíosa staire agus dúirt sé gur bhreá leis é a fheiscint i bhfoirm leabhair.

Bhuaigh Maria an duais ” Best Creative Project” don obair seo chomh maith, agus an gradam seo tuillte go maith aici.

Maith thú Maria.

 

Priject 1 Project 4 Project 2 Project 5