This error message is only visible to WordPress admins
There has been a problem with your Instagram Feed.
Na Scéalta is Déanaí

Cluiche Ceannais Sciath na Scol

Thaisteal páistí na scoile ó Rang 2 go Rang 6 go Páirc Uí Chaoimh ar an Luan, 14ú Samhain chun tacaíocht a thabhairt d’fhoireann iontach peile na gcailíní. Cé nár éirigh linn an bua a fháil bhain gach duine an-taitneamh as an lá agus ní dhéanfaimid dearmad air go deo. Táimid chomh mórálach as na […]

Spórt & Spraoi le Naíonáin Mhóra!

Bhí comhoibriú iontach ar siúl ag Naíonáin Mhóra amuigh sa chlós le déanaí. Bhí gach duine ag súgradh lena chéile agus ag labhairt as Gaeilge. Chomh maith le sin d’imríomar ‘Deir Ó Grádaigh’ le linn am spóirt sa halla. Bhaineamar taitneamh agus tairbhe as!

Rang 4 sa Leabharlann

Thug Rang a 4 cuairt ar leabharlann Bhaile an Easpaig le déanaí. Bhuaileamar leis an scríbhneoir aitheanta, Debbie Thomas. Thug Debbie léargas dúinn ar a hóige, a saol scríbhneoireachta agus ar a saothar. Mhol sí dúinn a leabhar is déanaí, Chameleon Dad, a phiocadh suas go tapaidh! Chaith sí am i ndiaidh a cur i […]

Cluiche Ceannais Sciath na Scol

Táimid go léir ag tnúth go mór leis an lá mór i bPáirc Uí Chaoimh ar an Luan, 14ú Samhain. Lá mór dúinn anseo sa Ghaelscoil mar beidh foireann peile na gcailíní ag imirt i gcluiche ceannais Sciath na Scol in aghaidh Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin ó Chloch na Coillte ag 12 a chlog! Tá […]

Bogadh an Troscáin ar ais ó Rinn an Scidígh

Bhí sceitimíní an domhain orainn go raibh ár dtrealamh, a cuireadh i stóras ag tús na paindéime, ag teacht ar ais chugainn faoi dheireadh. Bhailigh go leor daoine ón gCoiste i ‘Carbon Group’ ar 8.30 ar maidin chun an leoraí a líonadh agus sar i bhfad bhí sé lán go barr. Bhí meitheal mór againn […]

Quiz Boird an Choiste Tacaíochta

D’eagraidh an Coiste Tacaíochta oíche den scoth dúinn sa halla. Bhí an áit plódaithe is bhí an-craic aginn ann. Bhaineamar an-taitneamh as na ceisteanna agus cinntigh Séamus, Fear an Tí na hócáide, go raibh réimse ábhair ann do gach éinne idir óg is aosta. An Ghaelscoil abú!

Seirbhís Liotúirge san SMA

Ghlac Rang 5 Maistir Ó Ceallachain páirt i seirbhís Liotúirge i seipéal an SMA le déanaí. Bhain gach éinne idir óg is aosta sult as an ócáid aoibhinn. Maith sibh a phaistí!

Cluichí Leathcheannais Sciath na Scol!

Go n-éirí go geal le foirne peile na scoile a bheidh ag imirt i gcluichí leathcheannais Sciath na Scol ar an Luan 17ú Deireadh Fomhair! Gaelscoil Uí Riada Abú!

‘Maths Works’ i Halla na Scoile

Chuireamar tús le ‘Seachtain na Mata’ go luath i nGaelscoil Uí Riada i mbliana nuair a tháinig an ‘Lifetime Lab’ chuig halla na scoile leis an gceardlann iontach ‘Maths Works’. Bhí na páistí ó Rang 4, 5 agus 6 ag obair lena chéile i bhfoirne ag iarraidh puzail agus fadhbanna a réiteach agus ag imirt […]

Rang 2 ina Ealaíontóirí Grafacha

Bhí an t-ádh le Rang 2 ar an Máirt seo caite mar bhí seans acu bualadh le Colin O’Mahoney a oibríonn mar ealaoíntóir grafach. D’inis sé dúinn faoi ghreannáin agus roinn sé eolas suimiúil maidir le téamaí, carachtair agus bolgáin cainte. Bhí seans againn ár ngreannáin féin a chruthú agus a mhaisiú. Beidh údair agus […]

Rang 5 sa Leabharlann

Chuaigh Rang 5 chuig an leabharlann ar an gCéadaoin chun bualadh leis an úrscéalaí aitheanta Pádraig Kenny. Labhair sé leo mar gheall ar cheird na scéalaíochta, foilsitheoireacht agus a úrscéal nua ‘The Shadows Of Rookhaven’. Bhí sé fial flaithiúil lena shaineolas agus d’fhreagair sé ceisteanna na bpáistí le fonn. Bhain ár scéalaithe an-taitneamh as an […]

Treodóireacht Rang 6

Níor chuir an drochaimsir isteach ná amach ar Rang 6 nuair a thugadar fé Pháirceanna an Laoi ar an Máirt. Shiúil an rang síos chuig an suíomh treodóireachta agus bhíodar ullamh chun tabhairt faoin gcúrsa le fonn. D’éirigh le gach duine an cúrsa iomlán a chríochnú in ainneoin na báistí agus thugadar cúpla bonn abhaile […]

Cuairt an Árdmhéara

Tháinig an Árdmheara nua, Deirdre Bn. Uí Fhuartáin, ar cuairt chuig na scoile an tseachtain seo. Chanamar ‘Trasna na dTonnta’ di is bhí sí faoi dhraíocht ag na páistí! Labhair sí le gach páiste sa scoil is bhronn sí leabhar álainn orainn faoi stair na hoifige. Tá súil aici go mbeidh an-chuid cailíní agus buachaillí […]

Fáilte ar ais! 2022/2023

Tá an-áthas orainn fáilte mhór a chur roimh páistí na scoile don scoilbhliain atá os ár gcomhair amach. Tá súil againn go mbeidh bliain sona, sábháilte lán de chraic is spraoi againn lena chéile! Fáilte speisialta roimh na Naíonáin Bheaga nua!

FÓGRA IONTRÁLA BLIAINTIÚIL 

Cliceáil anseo chun FÓGRA IONTRÁLA BLIAINTIÚIL Ghaelscoil Uí Riada a fheiscint

Lá Peile Rang 3

Bhí lá den scoth ag buachaillií agus cailíní Rang 3 ar an gCéadaoin, 22ú Meitheamh. D’fhágamar an scoil go luath ar maidin agus thaistealaíomar ar an mbus go CLG Naomh Fionnbarra, áit a bhuaileamar le buachaillí Rang 3 ó Scoil na mBuachaillí, An Tóchar. D’imríomar cúpla cluiche peile agus bhí deis iontach againn ár scileanna […]

La Spóirt na Scoile

Bhí Lá Spóirt den scoth againn ar an Aoine 10ú Meitheamh. Thugamar féin an samhradh linn go faiche an SMA. Bhí rásaíocht scléip is spórt ann do chách. Lean sé seo ar aghaidh sa scoil freisin ina dhiaidh sin. Nach aoibhinn beatha an scoláire? Míle buíochas leis na múinteoirí a d’eagraigh gach rud dúinn!

Ceolchoirm Suzuki Deireadh na Bliana

Bhí ceolchoirm den scoth ar siúl sa scoil oíche De Mairt seo chaite. Sheinn na páistí go ceolmhar is go snasta agus sinn ag fágáil slán le Frances agus Trudy. Míle buíochas le Laura, Cathríona is Ann Marie as ucht na hoibre ar fad! Maith sibh a phaistí! Fásann rudaí móra as na Twinkles beaga. […]

Áille agus an Bhrúid 2022

Bhí dha oíche den chéad scoth againn ar an 25ú & 26ú Bealtaine nuair a chuireamar an ceoldráma “Áille agus an Bhrúid” ar an ardán. Ghlac gach uile páiste sa scoil páirt ann agus bhaineamar go léir ana thaitneamh as! Ní dhéanfaimid dearmad air go deo na ndeor!

Fáilte

Tá fáilte romhat go dtí ár suíomh idirlín, áit a bheidh eolas mar gheall ar an scoil seo ‘gainne, chomh maith le pictiúirí agus scéalta mar gheall ar saol na scoile agus ar gach éinne atá inti.  Tá Gaelscoil Uí Riada bunaithe i Wilton ó 1984 i leith agus i láthair na huaire tá 279 scoláire agus 15 múinteoirí againn. Táimíd go léir bródúil as an scoil agus taím cinnte go mbeidh sé sin le sonrú anseo ar an suíomh.

Tá sé mar aidhm againn i nGaelscoil Uí Riada togha oideachais a chur ar fáil dod’ leanbh, i dtimpeallacht spreagúil, sona, in áit a chothaítear féin- mheas agus talann an linbh tré mheán saibhir na teanga Gaeilge.

Sé “Mair go Mairir” mana na scoile, mana a léiríonn meon na scoile chun curaclam ina bhfuil dul chun cinn do linbh lárnach ina chur i bhfeidhm. Tá sé mar aidhm againn é seo a thabhairt chun críche in atmaisféar cairdiúil, sona, socair agus spreagúil.

Ba mhaith liom Céad Míle Fáilte a chur romhat teacht is bheith i do bhall de phobal Ghaelscoil Uí Riada.

Breanndán Ó Gréilligh, Príomhoide  2022

Féilire na Bliana 2023-2024

Ár Scoil

Cúl an Tí - Ár Spás Súgartha

Tír na nÓg